Featured

Bliain úr agus scéal úr

Bliain úr mhaith daoibh uilig go léir cibé áit a bhfuil sibh ar domhan!

Tháinig deireadh lenár seal san Iorua go díreach roimh an Nollag, ach ní bheidh deireadh leis na postálacha ar an suíomh seo go fóill. Go dtí seo, scríobh mé 13 phostáil faoi shaol na hIorua agus faoi na háiteanna a casadh dúinn. (Tá súil agam nach bhfuil aon mhí-ádh ag ghabháil leis an uimhir sin!) Ach tá an oiread céanna postálacha agam nár chríochnaigh mé ariamh agus tá rún agam leanúint orm ag cur scéalta ar an suíomh go mbeidh an tobar sin tráite.

Mar sin, ní fada go mbeidh scéal eile ar an suíomh seo. Go dtí sin, beannachtaí ó Ghaoth Dobhair!

Dúiche an Oighir

Bhí mé ar shiúl liom ar chos in airde agus ní raibh an deis agam mórán a scríobh ar an bhlag le cúpla mí anuas mar gurb é an samhradh an séasúr is fearr le cuairt a thabhairt ar shléibhte agus ar thalamh ard na hIorua.

Oighearshruth Nigardsbreen

Tá an Iorua níos faide ó thuaidh ná áit ar bith in Éirinn, ach bíonn cuid mhór de na bailte idir Kristiansand agus Trondheim níos teo ná Cionn Mhálanna sa tsamhradh.* Is é 14.5 C an mheánteocht (teocht na hoíche agus teocht an lae san áireamh) i gCionn Mhálanna i mí Iúil. Is é 17.7 C an mheánteocht in Osló sa mhí chéanna. Tionchar na farraige a choinníonn an fhuacht ar shiúl i gceantair cois chósta, agus is i ngleannta doimhne agus ar bhruach na bhfiordanna a bhíonn na bailte agus an talamh curaíochta, áit a mbíonn foscadh ón ghaoth agus ón aimsir, agus teas maith sa tsamhradh.

Ach ní mhaireann an samhradh ach seal beag gairid ar sliabh. Ag staisiún traenach Finse, bíonn an mheánteocht faoi bhun an reophointe ó mhí Mheán Fómhair go mí na Bealtaine! Tá Finse ar an Hardangervidda, is é sin ardchlár atá idir Osló is Bergen. Ní i bhfad uaidh sin atá oighearshruth ar a dtugtar Hardangerjøkulen.

Hardangerjøkulen

Ní hé an t-aon oighearshruth san Iorua é, ná baol air. Tá breis is 2,500 oighearshruth ar fad san Iorua. Is ar oileánra Svalbard atá i bhfad ó thuaidh de mhórthír na hIorua atá cuid mhor de na hoighearshruthanna. Ach ar na deich n-oighearshruth is mó san Iorua, tá ceithre cinn acu sa leath theas den tír. Tá sliabhraon ar an chósta thiar sa cheantar sin agus nuair a thig stoirmeacha isteach ón fharraige, is sneachta a thiteann ar na sléibhte. Is ann atá Jostedalsbreen, is é sin an oighearchaidhp is mó ar mhór-roinn na hEorpa. Achar de 473.75 km2 a bhí ann sa bhliain 2012.

Tá maorgacht uafásach sna hoighearshruthanna. Trí cinn a chonaic muid go dtí seo agus muid ag taisteal thart fán tír: cuid de Hardangerjøkulen, cuid de Folgefonna agus craobh de Jostadalsbreen darbh ainm Nigardsbreen. Tá Nigardsbreen ag leá go gasta agus tá abhainn mhór láidir ag an bhun. Tá carrclos tuairim is 2 km ar shiúl ón oighearshruth sa lá atá inniu ann, ach sna 1950idí bhí an t-oighearshruth san áit a bhfuil an carrclos anois.

Nigardsbreen agus an abhainn mhór
Amharc go géar ar na carraigeacha agus tchífidh tú daoine ag siúl orthu!
Duine ag cadhcáil san abhainn ag bun an oighearshrutha.
Tá scoilteanna doimhne in oighearshruth Folgefonna.

Níl mórán bóithre isteach sna sléibhte, ach tá sárghréasán de chosáin siúil ar fud na hIorua. Sa tseanam, ba ghnáth le daoine a bheith ag buachailleacht ar an tsliabh sa tsamhradh, faoi mar ba ghnách in Éirinn fosta. ‘Seter’ a tugadh ar bhailte beaga buachailleachta agus maireann an foirceann sin i go leor logainmneacha. Tá cuid de na bailte sin tréigthe anois; cuid eile acu, is bailte saoire iad. Cheannaigh an DNT (Cumann Siúlóireachta na hIorua) corrcheann acu chun lóistín a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag siúl nó ag sciáil sna sléibhte. Tá na cosáin samhraidh (sommerstier), na slite sciála (vinterløyper) agus na cineálacha éagsúla lóistín (hytter) ar an léarscáil seo: https://ut.no/kart

Bíonn an oiread sin daoine ag tabhairt na sléibhte orthu sa tsamhradh is go bhfuil focal ar leith air san Ioruais, is é sin ‘fjelltur’ (e.g. ‘turas sléibhe’). Cha dtiocfadh liom bliain a chaitheamh san Iorua agus gan triail a bhaint as, ach beidh orm an scéal sin a tharraingt orm lá inteacht eile!

Jordal, Odda
Tá Folgefonna le feiceáil idir na sléibhte.


Naisc
Liosta de na 10 n-oighearshruth is mó san Iorua:
https://www.visitnorway.no/aktiviteter-og-attraksjoner/naturlige-hoydepunkter/isbreer/
Suíomh greásáin an DNT:
https://www.dnt.no
Léarscáileanna agus eolas i dtaca leis na cosáin:
https://ut.no

*Tá Kristiansand tuairim is 4 huaire go leith ó dheas ó Oslo ar an traein agus tá Trondheim seacht n-uaire an chloig ó thuaidh d’Osló ar an traein.

An bealach go dtí an Geirangerfjord

Ar deireadh thiar thall chuaigh muid a fhad le ceann de na fiordanna is cáiliúla san Iorua agus ba é an t-amharc súl é.

An Geirangerfjord

Tá an Geirangerfjord tuairim is 6 huaire an chloig siar ó thuaidh ó Osló ar chósta thiar na hIorua más ag tiomáint atá tú, ach mar go bhfuil an Iorua chomh fada caol, is i leath theas na tíre atá sé mar sin féin. Téann bóthar 63 trí bhaile Geiranger ag béal an fhiord. Tá mám sléibhe ag dhá cheann an bhealaigh agus tá an bóthar seo aitheanta mar shlí thurasóireachta as a áilleacht. Sa tsamhradh is féidir cuairt timpeall a dhéanamh, agus is sin an rud a rinne muid.

Ghabh muid bóthar E6 as Osló tráthnóna Dé hAoine agus chaith muid an oíche ag campáil ar imeall Pháirc Náisiúnta Rondane. Beidh postáil eile agam amach anseo i dtaca le bheith ag campáil san Iorua.

Meánoíche i bPáirc Náisiúnta Rondane ag deireadh mhí an Mheithimh

Ar an Satharn, chuaigh muid ó Otta go Langvatnet (An Loch Fada). Is ag Langvatnet a thosaíonn Slí Thurasóireachta Geiranger-Trollstigen ar bhóthar 63. Tá bearnas ard ag gabháil idir na sléibhte anseo. Seo áit nach leánn an sneachta i lár an tsamhraidh agus tá cuma osnádúrtha Artach ar an tírdhreach. Tá ceantar Reinheimen ar an taobh ó thuaidh den mhám. Ciallaíonn Reinheimen ‘Dúiche an Réinfhia’, ach ní fhaca muid réinfhia, monuar.

Tá bealach crochta síos ón mhám go baile Geiranger ag béal an fhiord. Druidtear an bealach ó Langvatnet go Geiranger ar feadh leath na bliana ó mhí Dheireadh Fómhair nó ó mhí na Samhna go dtí mí na Bealtaine. Is ar longa crúsála agus ar an bhád farantóireachta a thagann turasóirí isteach go Geiranger de ghnáth.

Baile Geiranger
Tá an bealach go Langvatnet ar chúl an bhaile.

Tá an Geirangerfjord ar Liosta Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO mar go bhfuil sé ar cheann de na fiordanna is iontaí agus is áille san Iorua: tá na sléibhte thart ar an fhiord tuairim is 1700 m ar airde agus tá an fiord féin 260 m ar doimhneacht. Níl ach dhá fhiord san Iorua ar an liosta sin. Ach is gabhal den Storfjorden (An Fiord Mór) é an Geirangerfjord agus tá gabhal eile den fhiord sin le feiceáil i mbaile beag darb ainm Eidsdal leathuair ar shiúl ó Geiranger. Ní thagann na turasóirí go Eidsdal agus tá meath ar an bhaile ach mura mbeadh an Geirangerfjord dár ndalladh, ní bhfaighfí locht ar bith ar an radharc.

Radharc ar Sylte ó Eidsdal

Ar an Domhnach, chuaigh muid ó Eidsdal go Sylte ar bhád farantóireachta. Níl droichead trasna an fhiord, ach téann dhá bhád farantóireachta anonn is anall gach 20 bomaite de ghnáth. Is trua é nach raibh lá sa bhreis againn le caitheamh idir Geiranger agus Eidsdal mar go bhfuil cosán siúil ag dul suas ó Eidsvatnet go barr na mbeann agus bheadh radharc as sin ar an Geirangerfjord agus ar an Storfjorden.

Leanann bóthar 63 ar aghaidh ar an taobh thall den Storfjorden go dtéann sé trí bhearnas eile sléibhe. Druidtear an chuid seo den bhealach sa gheimhreadh fosta, ach is é atá galánta. Tá go leor cosán siúil isteach sna sléibhte ag barr an mháma agus b’fhiú lá iomlán a chaitheamh ann. Tugtar Trollstigen (Bealach na dTroll) ar an bhealach lúbach a théann síos go bun an ghleanna. Tá cáil ar an Trollstigen agus tá ionad cuairteora agus ardán amhairc ag barr an bhealaigh.

Trollstigen

Ag bun an ghleanna ar fad, tá radharc ar aill chreagach sléibhe ar a dtugtar Trollveggen (Balla na dTroll). B’fhurasta a shamhlú gur fathach ollmhór osnádúrtha a thóg é.

Trollveggen

Phill muid ar Osló go mall oíche Dhomhnaigh. Turas deireadh seachtaine a rinne muid, ach dá mbeadh faill agat, b’fhearr i bhfad cúig lá a chur i leataobh, nó seachtain iomlán, mar go bhfuil an iomad radharc iontach ar an bhealach!

Seo achoimre ar an turas iomlán.
E6 ó Osló go Otta, bóthar 15 ó Otta go Langvatnet, bóthar 63 ó Langvatnet go dtí an deireadh taobh amuigh de Åndalsnes, E136 go Dombås, agus ar ais ar an E6 go Osló.
Iomlán: 961 km.

Slán go fóill!

Bonnáin agus Pléascadh

Ní raibh mé i bhfad in Osló nuair a bhí mé amuigh ag siúl agus chuala mé pléascadh. Thosaigh an talamh ag croitheadh faoi mo chosa, ach ní crith talún a bhí ann.

Sléibhte san Iorua

Tá an Iorua iontach carraigeach. Tá iomra ar shléibhte loma na hIorua, ar ndóigh, agus b’fhéidir nach iontas ar bith é gur san Iorua atá an tollán bóthair is faide ar domhain, is é sin Tollán Lærdal atá 24.51 km ar fad. Níl an bhuncharraig i bhfad faoin chreafóg i gcuid mhór áiteanna agus nuair a bhíonn oibreacha bóithre nó oibreacha tógála ar siúl, déantar na carraigeacha a phléascadh.

Tá foirgneamh nua á tógáil fá choinne Iarsmalann Náisiúnta na hIorua taobh leis an Ionad Nobel in gceantar na gcéanna i lár na cathrach, áit ar a dtugtar Aker Brygge. Is ar an chosán os comhair na láithreach tógála a bhí mé an chéad uair a chuala mé pléascadh den chineál sin. Bhí mo chroí amuigh ar mo bhéal agus gan lá imní ar dhuine ar bith eile a bhí ag siúl in aice liom.

Aker Brygge

Má bhaineann an pléascadh croitheadh as an talamh, ní bhaineann sé croitheadh asam féin anois. Nuair a bhíodh oibreacha bóithre ar siúl in aice linne mí ó shin, chluininn trí nó ceithre phléasc i n-aghaidh an lae ar feadh coicíse! Tá cuid mhór tithe á dtógáil ar fud chathair Osló agus tá an pléascadh le cluinstin i bhfad agus i ngar. Bíonn fead ann i gcónaí roimh ré chun rabhadh a thabhairt do duine ar bith atá sa chomharsanacht.

Ansin, nuair a d’éirigh mé cleachtaithe leis an fheadaíl agus leis an phléascadh, séideadh an bonnán aer-ruathair. Is cosúil go bhfuil bonnáin aer-ruathair ar fud na hIorua agus go mbítear á dtástáil dhá uair sa bhliain ag meánlae ar an dara Céadaoin den mhí i mí Eanáir agus i mí an Mheithimh. Is an tástáil i mí an Mheithimh a chuala mé, agus ní thiocfadh leat neamhiontas a dhéanamh den scread uafásach sin.

Cuireann an bonnán trí theachtaireacht éagsúla in iúl:

  1. Téigh ag lorg eolais: séidtear an bonnán trí huaire agus ansin bíonn sos bomaite ann.
  2. Tá baol ionsaithe ann: séidtear an bonnán arís agus arís ar feadh bomaite.
  3. Tá an chontúirt thart: séidtear an bonnán gan stad ar feadh leathbhomaite.

Ní bhaineann an chéad cheann le baol cogaidh amháin ach d’fhéadfaí é a shéideadh dá mbeadh baol ann den phobal de bharr tubaiste nádúrtha nó de bharr tubaiste eile agus is é sin an ceann a shéidtear nuair a bhítear á thástáil.

Tá súil agam nach mbeidh rabhadh, pléascadh nó bonnán ar bith eile ag baint suaite asam anois go ceann tamaill!

Nasc
Eolas i mBéarla faoi bhonnáin aer-ruathair: https://www.sikkerhverdag.no/en/being-prepared/warning-and-information/air-raid-sirens/

Vinmonopolet

Tá daoine ag casadh ar a chéile arís, ach más maith leat teacht le chéile a eagrú san Iorua, beidh ort eolas a chur rialacha an Vinmonopolet.

Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, tá sé 26 céim C, tá veain uachtar reoite le cluinstin sa chomharsanacht agus tá daoine ag cruinniú le chéile arís i ndiaidh na dianghlasála fada. Agus nuair a chruinníonn daoine le chéile san Iorua, bíonn siad ag ól…

Tá cóisirí tí coitianta i measc gach aoisghrúpa san Iorua. Seo laethanta fada an tsamhraidh, agus bíonn cóisirí beárbaiciú sna gairdíní agus grúpaí de chairde ag ól sna páirceanna. (Tá sé in éadan an dlí a bheith ag ól i bpáirceanna poiblí, ach ní ghnáth go gcuirtear an dlí i bhfeidhm mura bhfuil raic á tógáil.) Sular tháinig an phaindéim ar chor ar bith, bhí sé de nós ag muintir Osló bualadh le chéile taobh amuigh laethanta breátha gréine. Ag an deireadh seachtaine, bíonn daoine ag feitheamh go géar le cuireadh le dhul ar cuairt ar hytte (teach nó bothán saoire) le cairde nó lena gcuid daoine muinteartha. Tá ábhar scéil sa nós sin, agus beidh a thuilleadh faoi sin ar an bhlag amach anseo.

Tá deochanna meisciúla daor san Iorua agus ní bhíonn daoine ag triall ar an teach leanna chomh minic agus a bheadh in Éirinn. Má théitear amach, is minic a bhíonn cóisirí tí ann an oíche chéanna. Tugtar ‘vorspiel’ ar réamhchóisirí. Is focal Gearmánach é vorspiel, ach ní hionann an chiall atá leis sa Ghearmáin agus san Iorua! Nachspiel a bhíonn ann i ndiaidh a bheith amuigh. Is ar an dóigh chéanna a bhíonn mic léinn ollscoile in Éirinn, ach tá an chuma air go bhfuil an nós i bhfad níos forleithne anseo.

Ar ndóigh, is den mhúineadh é buideál a thabhairt leat chun dinnéara nó chun cóisire. Tá trí chatagóir de dheochanna meisciúla san Iorua agus baineann rialacha ar leith le gach ceann acu:

  • Lettøl (beoir éadrom / iarleann): beoir a bhfuil níos lú ná 2.75% d’alcól inti de réir tóirte. Tá lettøl ar fáil in ollmhargaí le linn gnáthuaireanta oscailte.
  • Beoir agus deochanna eile a bhfuil níos lú ná 4.75% d’alcól iontu de réir tóirte. Tá siad seo ar fáil in ollmhargaí roimh 20.00 le linn na seachtaine nó roimh 18.00 ar an Satharn.
  • Gach cineál ólacháin a bhfuil níos mó ná 4.75% d’alcól ann de réir tóirte, e.g. fíon, biotáilte agus beoir láidir. Níl siad seo ar fáil ach sa Vinmonopolet.

Ciallaíonn Vinmonopolet ‘an mhonaplacht fíona’ agus is comhlacht stáit é. Bíonn siopa de chuid an Vinmonopolet i gcuid mhór bailte ar fud na hIorua. Ach ní bhíonn ceann i ngach baile agus ní miste fiosrúchán a dhéanamh roimh ré. Tá na huaireanta oscailte iontach teoranta: 10.00 – 18.00 le linn na seachtaine agus 10.00 – 16.00 ar an Satharn. Ní osclaíonn siad Domhnach nó lá saoire agus druideann siad luath an lá roimh lá saoire. Bíonn brú mór sna siopa Dé Sathairn agus roimh laethanta saoire. Díoltar fíon agus beoir le duine ar bith atá os cionn 18 mbliana d’aois, ach ní dhíoltar biotáilte ach le daoine atá os cionn 20 bliain d’aois.

Cuireadh an Vinmonopolet ar bun sa bhliain 1922. Bhí cosc ar alcól láidir san Iorua ar feadh tréimhse roimhe sin agus comhréiteach a bhí sa Vinmonopolet. De réir pobalbhreitheanna, tá formhór de phobal na hIorua sásta leis an chóras faoi mar atá anois. Is ceannaitheoir mór é an Vinmonopolet agus is féidir leis cineálacha neamhghnátha fíona agus fíon ar ardchaighdeán a fháil ar luach réasúnta agus cuireann dornán daoine suim mhór i gcúrsaí fíona dá bharr.

Mar sin féin, bíonn tóir ar mhargadh maith. Tá siopaí móra roimh an halla chustam san aerfort in Osló agus tá fógraí in airde a mhíníonn ‘an cuóta’ – an méid ólacháin (agus tobac) is féidir a thabhairt isteach sa tír saor ó dhleacht. Bíonn an cuóta de ghlanmheabhair ag daoine áirithe agus is peaca marfach é gan an cuóta iomlán a cheannach, dar leo! Bíonn daoine ag triall ar shiopaí sa tSualainn agus sa Danmhairg nuair a bhíonn ócáidí móra á n-eagrú acu. Tá iomrá (agus drochiomrá!) ar bhád na Danmhairge. Tá deireadh leis na turais thar teorainn sin de bharr na paindéime, ach beidh neart cóisirí san Iorua nuair a bheas cead taistil ann arís.

Agus ar deireadh, má bhítear ag iarraidh cuideachta a sheachaint, nó imeacht go pointeáilte i ndiaidh lá oibre, is é an leithscéal is fearr é (agus mé féin a chuala), ‘Caithfidh mé imeacht: caithfidh mé dhul chuig an Vinmonopolet sula ndruideann sé!’

Cloch na Nathrach

Sa phostáil deireanach, bhí scéal agam faoin fhathach Finn. Seo scéal faoi fhathach eile agus cloch na nathrach.

In aice leis an eaglais stéibhe in Rollag tá cloch ar a dtugtar ‘Ormesteinen’ nó ‘Cloch na Nathrach’. Cloch ollmhór atá inti. Tá sí ina luí ar charraigeacha atá ag gobadh amach as an chreafóg agus tá pluais bheag fúithi. Agus leoga, má théann tú isteach sa phluais, tá lorg nathracha ar an chloch.

Ormesteinen, Rollag

Déartar go raibh fathach ina chónaí sa sliabh ar an taobh thall den abhainn ó eaglais Rollag. Chonaic an fathach cailín a bhí ina cónaí ar fheirm darbh ainm Gvammen ar an taobh ó thuaidh de Rollag. Bhí an fathach ag iarraidh í a phósadh, ach bhí lámh agus focal idir í féin agus stócach ar an bhaile. Tháinig lá an phósta agus chaith an fathach dhá chloch síos le lucht na bainse. Thit cloch amháin i gclós na feirme. Thit an ceann eile in aice leis an eaglais i Rollag. Níor bhuail ceachtar acu lucht na bainse, ach scoilt an dara cloch ina dhá leath. Tháinig nathracha amach aisti agus tá siad le feiceáil ann go dtí an lá atá inniu ann.

Tá féitheacha geala grianchloiche i gCloch na Nathrach agus is iad na féitheacha seo a fhágann lorg na nathracha uirthi. Ach tá cuma shuntasach uirthi mar sin féin. Tá Cloch na Nathrach luaite ar léarscáil a rinneadh sa bhliain 1772 agus is dóiche gur comhartha bealaí a bhí inti le fada an lá.

Agus sin agaibh scéal Chloch na Nathrach!

Eaglaisí agus Fathaigh

Fathach dárbh ainm Finn a thóg an eaglais adhmaid seo, más fíor an scéal…

Eaglais stéibhe Heddal

Sna meánaoiseanna, tógadh eaglaisí adhmaid ar fud thuaisceart na hEorpa. Faoi lár na 14ú haoise, bhí breis is 2000 eaglais adhmaid san Iorua. Maireann 28 acu sin go dtí an lá atá inniu ann. Tugtar stavkirke (Bokmål) nó stavkyrkje (Nynorsk) orthu san Ioruais, e.g. ‘eaglais stéibhe’. As stíl tógála ar leith a ainmníodh iad. Is ionann stéibh sa chiall seo agus clár atá ina sheasamh go hingearach. Rinneadh fráma de bhíomaí adhmaid ar dtús agus tógadh na ballaí as stéibheanna a bhí ceangailte de na bíomaí sin.

Thug muid cuairt ar thrí eaglais stéibhe go dtí seo agus más ionann an stíl tógála, ní hionann na heaglaisí féin. Is geall le hardeaglais í an eaglais stéibhe in Heddal: is í an eaglais stéibhe is mó san Iorua í. Tá dragúin ar na beanna agus tá snaidhmeanna snoite timpeall na ndoirse. Tá fíoracha Críostaí agus fíoracha a bhaineann le seanscéalta na hIorua le feiceáil ann. Ach tá an eaglais stéibhe in Rollag agus an ceann in Flesberg simplí go leor agus ní aithneofá an aois orthu.

Bhí cuid de na heaglaisí stéibhe níos mó ná a chéile riamh anall, ach rinneadh ath-chóiriú orthu uilig ag amanna difriúla ó tógadh iad agus d’fhág sin a lorg orthu chomh maith.

Snoíodóireacht ar an eaglais stéibhe in Heddal

Trí eaglais stéibhe: ceann in Rollag, ceann in Flesberg agus ceann in Heddal

Tá scéal ann gur fathach a thóg an eaglais stéibhe in Heddal. Bhí cúigear feirmeoirí ag iarraidh eaglais a thógáil ann lá den tsaol. Casadh strainséir ar fhear amháin acu. Dúirt an strainséir go dtógfadh seisean an eaglais, ach go gcaithfeadh an feirmeoir an ghrian agus an ghealach a thabhairt dó, a chroí féin a thabhairt dó, nó a ainm a thomhas sula mbeadh críoch ar an eaglais. Rinneadh an margadh. An chéad oíche, tháinig an t-ábhar tógála go léir. An dara oíche, tógadh na trí spuaic ar an eaglais. Níorbh fhada go mbeadh críoch uirthi. D’imigh an feirmeoir amach ag siúl go brónach an tráthnóna sin agus eagla mhór air go mbeadh a bhás roimhe an lá arna mhárach. Ansin, chuala sé bean an fhathaigh ag ceol sa sliabh:

‘Seoithín seó, a leanbh,
Tiocfaidh Finn, d’athair, abhaile,
Beidh an ghrian leis agus an ghealach
Nó croí an Chríostaí mar fhéirín do mo leanbh.’

Finn ab ainm don fhathach, ar ndóigh. Bhí an lá leis an fheirmeoir. Phill an fathach ar an tsliabh, ach chuala na fathaigh clog na heaglais ag bualadh agus chuir sé isteach orthu an oiread sin agus gur théith siad isteach sna sléibhte agus ní fhacthas iad ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann.

Is cinnte go gcuirfeadh an fathach sin Fionn Mac Cumhaill i gcuimhne do dhuine (agus cérbh fhios?!) ach is dóichí gur búnús eile atá leis an ainm ‘Finn’. Ba ghnáth leis na hIoruaigh ‘Finn’ a thabhairt ar na Sámaigh agus maireann an t-ainm sin i logainmneacha ar nós ‘Finnmark’ i dtuaisceart na hIorua. Is minic a shamlaítí draíocht agus drochmhianaigh leis an choimhthíoch agus is amhlaidh a thugtaí ‘Finn’ ar throill agus ar fhathaigh i mbéaloideas na nIoruach.

Luaitear scéal faoi fhathach eile leis an eaglais stéibhe i Rollag, ach fágfaidh mé an scéal sin go dtí an chéad lá eile. Go dtí sin, bainigí lán bhur súl as an dragún seo atá ar an eaglais stéibhe in Heddal!

Naisc:
An scéal faoi Eaglais Heddal agus an fathach Finn san Ioruais: https://www.heddalstavkirke.no/sagnet-no/
Eolais faoi eaglaisí stéibhe na hIorua: https://www.stavechurch.com

17. Mai: Ceiliúradh agus Féasta

Gratulerer med dagen! (Beannachtaí na féile oraibh!)

Cístíní maisithe le bratach na hIorua
Grianghraf le hAnniken Volckmar

Tá féile mhór san Iorua inniu! Inniu Lá Comórtha Bhunreacht na hIorua, nó syttende Mai (17 Bealtaine) mar a thugtar air de gnáth. Ar an lá seo, déantar ceiliúradh ar an Iorua agus ar chultúr na hIorua. Ar ndóigh, ní bheidh cuid mhór de na gnáth-imeachtaí ar siúl i mbliana.

Síníodh Bunreacht na hIorua ar an 17 Bealtaine 1814 in Eidsvoll agus dearbhaítear ann gur tír neamhspleách í an Iorua. Cuireadh cosc ar cheiliúradh an lae i dtús ama mar go raibh an Iorua in aontas leis an tSualainn faoi rí na Sualainne. Monarcacht bhunreachtúil a bhí san Iorua – agus atá go fóill. Scaoileadh an t-aontas leis an tSualainn sa bhliain 1905.

Cuirtear tús leis an fhéile breá luath ar maidin. Cruinníonn teaghlaigh agus cairde le chéile fá choinne féasta maidne. Bíonn seaimpéin agus cístí agus bia traidisiúnta ann. Maisítear achan rud le bratacha agus le dathanna na hIorua agus maisítear na cístí le sútha talún, le sútha craobh agus le fraocháin.

An tábla gléasta le dathanna na hIorua; bricfeasta na féile
Grianghraif le hAnniken Volckmar

Is é príomhimeacht oifigiúil an lae ná Mórshiúl na bPáistí agus téann na sluaite ag amharc air de ghnáth. Bíonn ceolchoirmeacha agus imeachtaí eile ar siúl um thráthnóna agus bíonn na scaiftí ag ceiliúradh taobh amuigh má bhíonn aimsir mhaith ann.

Ar an lá seo, bíonn cuid mhór daoine ag caitheamh éadach traidisiúnta ar a dtugtar an bunad. Tá an bunad bunaithe ar éadaí a bhíodh á gcaitheamh san 18ú haois agus sa 19ú haois. Culaith dheas mná nó fir atá ann, ach tá an iomad stíleanna áitiúla ann. Bíonn bróidnéireacht fhíneálta lámhfhuaite ar an bunad. Is minic a fhaigheann daoine óga bunad mar bhronntanas cóineartaithe óna muintir. (Is ionann aois an chóineartaithe san Iorua agus 15 bliana, de ghnáth.) In amanna, fanann an bunad sa teaghlach agus tugtar ó ghlún go glún é.

Bolsøybunad a bhaineann le Molde in iarthar na hIorua
Grianghraf le hAnniken Volckmar

Buíochas le hAnniken Volckmar as na pictiúir ghalánta agus as an eolas a bhaineann leis an bunad!

Leaca Cuimhneacháin

Nuair a shiúlaim síos go dtí an siopa áitiúil, siúlaim thar theach Benno (Bernt Elieser) Ramson. Tá tithe ar feadh na sráide agus ní chuirfinn suim ná iontas i gceann ar bith acu, ach ab é go bhfuil leac bheag phráis sa chosán taobh amuigh de cheann amháin acu.

Is beag atá ar eolas agam faoi Benno Ramson féin. Rugadh sa bhliain 1896 in Christiania (Osló) é. Bhí sé ag tarraingt ar shé bliana agus dhá scór nuair a fuadaíodh as a theach é ar 26 Deireadh Fómhair 1942, dhá lá roimh a bhreithlá. Agus fuair sé bás in Auschwitz i mí Eanáir 1943.

Bhí an Iorua faoi réimeas na Naitsithe ó 1940 go dtí 1945. I mí Dheireadh Fómhair 1942 gabhadh an chuid is mó de na fir Ghiúdacha san Iorua a bhí os cionn 15 bliana d’aois. Bhí Benno Ramson ina measc. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur gabhadh mná agus páistí fosta. Cuireadh 795 Giúdach ar fad as an Iorua go dtí sluachampaí géibhinn agus maraíodh a bhformhór mór acu in Auschwitz. Níor mhair ach 25 duine as an 795 sin.

Ealaíontóir as an Ghéarmáin darbh ainm Gunter Demnig a cheap na leaca cuimhneacháin práis agus tá siad in 24 tír san Eoraip anois. Leagadh an chéad leac san Iorua sa bhliain 2010 i gcomhar le Músaem na nGiúdach in Osló. Tá 395 leac phráis in Osló féin agus 670 leac san Iorua ar fad go dtí seo i gcuimhne ar na Giúdaigh agus ar na daoine eile a cuireadh as an Iorua go sluachampaí géibhinn de chuid na Naitsithe.

Ainm amháin a bhíonn ar gach leac. Níl ach leac amháin taobh amuigh de theach Benno Ramson. D’éirigh lena bhean Rexie agus lena bheirt iníonacha Else agus Sonja-Maiken éalú go dtí an tSualainn. Ocht mbliana d’aois agus sé bhliana d’aois a bhí a bheirt iníonacha nuair a tugadh a n-athair ar shiúl. Seo leac chuimhneacháin Benno Ramson.

Nasc
Leaca cuimhneacháin san Iorua: https://www.snublestein.no/hjem

Sa tóir ar chlocha…

Is sa chomharsanacht seo atá cineál neamhchoitianta cloiche, ach is beag a shíl mé gur ar leac an dorais a chasfaí uirthi.

An tseachtain seo a chuaigh thart, tháinig mé ar sheantreoirleabhar de shiúlóidí geolaíochta in Osló. Bhí siúlóid amháin iontach cóngarach don áit a bhfuilimid inár gcónaí. Chuir mé spéis sa chuntas sin, cé gur sa bhliain 1957 a cuireadh i gcló an leabhar agus gur tháinig athrú nó dhó ar an cheantar ó shin.

De réir an leabhair, is cloch dárbh ainm ‘rombphorfaire’ a chuireann barr maise ar an siúlóid. Is ón Ghréigis a tháinig an focal ‘porfaire’ agus ciallaíonn sé (cloch) deargchorcra. Is ón fhréamh chéanna a tháinig an focal ‘corcra’ sa Ghaeilge (an Sean-Ghréigis: porphura > an Laidin: purpura > an Ghaeilge: corcair/ corcra). Is bruthcharraig í an phorfaire, e.g. cruthaítear í nuair a sceitheann laibhe as scoilteanna i screamh an domhain. Tá an chloch féin measartha mín ach tá sí breac le criostail bheaga ghrianchloiche nó le criostail bheaga iathchloiche ar a dtugtar feinicriostaí. Bhíodh tóir mhór ar phorfaire dheargchorcra ó aimsir na Sean-Éigipt ar aghaidh chun saothair cloiche a dhéanamh. Tá dealbha porfaire agus maisiúcháin phorfaire in iarsmalanna agus i bhfoirgnimh stairiúla timpeall na Meánmhara agus ar fud na hEorpa, Baisleac Naomh Pheadair agus Pálás Versaille san áireamh. Tugadh ‘porfaire an impire’ mar leasainm ar phorfaire dheargchorcra.

Is cineál porfaire í an rombphorfaire fosta. Tá dath éadrom donnchorcra uirthi agus tá criostail mhóra iathchloiche inti. I gcruth romba a bhíonn na criostail, a bheag nó a mhór, agus as sin a ainmnítear an chloch. Ní dóiche go bhfaca tú dealbha rombphorfaire roimhe, ach cuireann geolaithe suim mhór inti mar is cloch neamhchoitianta í. Níorbh eol dúinn ach trí áit ar domhan ina bhfuil sí: Scoiltghleann na hAfraice Thoir, Antartaice, agus Scoiltghleann Osló.

Ní dheachaigh muid i bhfad ón dóras go dtí gur tháinig muid ar rombphorfaire mar sin féin! Tá crann marbh ina luí ar an talamh cúpla céad slat ón teach agus i ngreim sna rútaí a bhí na clocha rombphorfaire seo.

Slán go fóill!

Treoirleabhar Geolaíochta: Geological Guide to Oslo and District. 1957. Eag. Olaf Holtedahl agus Johannes A. Dons.

Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh