Faoin Bhlag

Ó Ghaoth Dobhair go dtí an Iorua

Sular bhog mé go dtí an Iorua, thosaigh mé ag léamh blaganna faoi shaol na hIorua. Ach níor tháinig mé ar oiread agus blag amháin i nGaeilge! Anois agus mé i mo chónaí in Osló, is mithid dom an t-easnamh sin a réiteach.

Sa bhlag seo, dhéanfaidh mé cur síos ar na radhairc agus ar an taobh tíre, ar eachtraí neamhghnácha agus ar ghnéithe éagsúla den ghnáthshaol agus mé ag dul i dtaithí ar shaol na hIorua. Ba mhaith liom eolas a chur ar ghnéithe den chultúr chomh maith – ar an teanga agus ar an cheol.

Tá súil agam go mbainfidh sibh sult as na scéalta!

Nóta faoi na hÍomhánna
Is liomsa na híomhánna sa bhlag seo, mura ndeirtear a mhalairt.
Má tá ceist agat faoi na híomhánna nó má tá suim agat iad a úsáid, déan teagmháil liom.

Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh