Bhí mé ar shiúl liom ar chos in airde agus ní raibh an deis agam mórán a scríobh ar an bhlag le cúpla mí anuas mar gurb é an samhradh an séasúr is fearr le cuairt a thabhairt ar shléibhte agus ar thalamh ard na hIorua.
Tá an Iorua níos faide ó thuaidh ná áit ar bith in Éirinn, ach bíonn cuid mhór de na bailte idir Kristiansand agus Trondheim níos teo ná Cionn Mhálanna sa tsamhradh.* Is é 14.5 C an mheánteocht (teocht na hoíche agus teocht an lae san áireamh) i gCionn Mhálanna i mí Iúil. Is é 17.7 C an mheánteocht in Osló sa mhí chéanna. Tionchar na farraige a choinníonn an fhuacht ar shiúl i gceantair cois chósta, agus is i ngleannta doimhne agus ar bhruach na bhfiordanna a bhíonn na bailte agus an talamh curaíochta, áit a mbíonn foscadh ón ghaoth agus ón aimsir, agus teas maith sa tsamhradh.
Ach ní mhaireann an samhradh ach seal beag gairid ar sliabh. Ag staisiún traenach Finse, bíonn an mheánteocht faoi bhun an reophointe ó mhí Mheán Fómhair go mí na Bealtaine! Tá Finse ar an Hardangervidda, is é sin ardchlár atá idir Osló is Bergen. Ní i bhfad uaidh sin atá oighearshruth ar a dtugtar Hardangerjøkulen.
Ní hé an t-aon oighearshruth san Iorua é, ná baol air. Tá breis is 2,500 oighearshruth ar fad san Iorua. Is ar oileánra Svalbard atá i bhfad ó thuaidh de mhórthír na hIorua atá cuid mhor de na hoighearshruthanna. Ach ar na deich n-oighearshruth is mó san Iorua, tá ceithre cinn acu sa leath theas den tír. Tá sliabhraon ar an chósta thiar sa cheantar sin agus nuair a thig stoirmeacha isteach ón fharraige, is sneachta a thiteann ar na sléibhte. Is ann atá Jostedalsbreen, is é sin an oighearchaidhp is mó ar mhór-roinn na hEorpa. Achar de 473.75 km2 a bhí ann sa bhliain 2012.
Tá maorgacht uafásach sna hoighearshruthanna. Trí cinn a chonaic muid go dtí seo agus muid ag taisteal thart fán tír: cuid de Hardangerjøkulen, cuid de Folgefonna agus craobh de Jostadalsbreen darbh ainm Nigardsbreen. Tá Nigardsbreen ag leá go gasta agus tá abhainn mhór láidir ag an bhun. Tá carrclos tuairim is 2 km ar shiúl ón oighearshruth sa lá atá inniu ann, ach sna 1950idí bhí an t-oighearshruth san áit a bhfuil an carrclos anois.
Níl mórán bóithre isteach sna sléibhte, ach tá sárghréasán de chosáin siúil ar fud na hIorua. Sa tseanam, ba ghnáth le daoine a bheith ag buachailleacht ar an tsliabh sa tsamhradh, faoi mar ba ghnách in Éirinn fosta. ‘Seter’ a tugadh ar bhailte beaga buachailleachta agus maireann an foirceann sin i go leor logainmneacha. Tá cuid de na bailte sin tréigthe anois; cuid eile acu, is bailte saoire iad. Cheannaigh an DNT (Cumann Siúlóireachta na hIorua) corrcheann acu chun lóistín a chur ar fáil do dhaoine a bhíonn ag siúl nó ag sciáil sna sléibhte. Tá na cosáin samhraidh (sommerstier), na slite sciála (vinterløyper) agus na cineálacha éagsúla lóistín (hytter) ar an léarscáil seo: https://ut.no/kart
Bíonn an oiread sin daoine ag tabhairt na sléibhte orthu sa tsamhradh is go bhfuil focal ar leith air san Ioruais, is é sin ‘fjelltur’ (e.g. ‘turas sléibhe’). Cha dtiocfadh liom bliain a chaitheamh san Iorua agus gan triail a bhaint as, ach beidh orm an scéal sin a tharraingt orm lá inteacht eile!
Naisc
Liosta de na 10 n-oighearshruth is mó san Iorua:
https://www.visitnorway.no/aktiviteter-og-attraksjoner/naturlige-hoydepunkter/isbreer/
Suíomh greásáin an DNT:
https://www.dnt.no
Léarscáileanna agus eolas i dtaca leis na cosáin:
https://ut.no
*Tá Kristiansand tuairim is 4 huaire go leith ó dheas ó Oslo ar an traein agus tá Trondheim seacht n-uaire an chloig ó thuaidh d’Osló ar an traein.