Bliain úr agus scéal úr

Bliain úr mhaith daoibh uilig go léir cibé áit a bhfuil sibh ar domhan! Tháinig deireadh lenár seal san Iorua go díreach roimh an Nollag, ach ní bheidh deireadh leis na postálacha ar an suíomh seo go fóill. Go dtí seo, scríobh mé 13 phostáil faoi shaol na hIorua agus faoi na háiteanna a casadhAn chuid eile de “Bliain úr agus scéal úr”

Dúiche an Oighir

Bhí mé ar shiúl liom ar chos in airde agus ní raibh an deis agam mórán a scríobh ar an bhlag le cúpla mí anuas mar gurb é an samhradh an séasúr is fearr le cuairt a thabhairt ar shléibhte agus ar thalamh ard na hIorua. Tá an Iorua níos faide ó thuaidh ná áitAn chuid eile de “Dúiche an Oighir”

An bealach go dtí an Geirangerfjord

Ar deireadh thiar thall chuaigh muid a fhad le ceann de na fiordanna is cáiliúla san Iorua agus ba é an t-amharc súl é. Tá an Geirangerfjord tuairim is 6 huaire an chloig siar ó thuaidh ó Osló ar chósta thiar na hIorua más ag tiomáint atá tú, ach mar go bhfuil an Iorua chomhAn chuid eile de “An bealach go dtí an Geirangerfjord”

Bonnáin agus Pléascadh

Ní raibh mé i bhfad in Osló nuair a bhí mé amuigh ag siúl agus chuala mé pléascadh. Thosaigh an talamh ag croitheadh faoi mo chosa, ach ní crith talún a bhí ann. Sléibhte san Iorua Tá an Iorua iontach carraigeach. Tá iomra ar shléibhte loma na hIorua, ar ndóigh, agus b’fhéidir nach iontas arAn chuid eile de “Bonnáin agus Pléascadh”

Cloch na Nathrach

Sa phostáil deireanach, bhí scéal agam faoin fhathach Finn. Seo scéal faoi fhathach eile agus cloch na nathrach. In aice leis an eaglais stéibhe in Rollag tá cloch ar a dtugtar ‘Ormesteinen’ nó ‘Cloch na Nathrach’. Cloch ollmhór atá inti. Tá sí ina luí ar charraigeacha atá ag gobadh amach as an chreafóg agus táAn chuid eile de “Cloch na Nathrach”

Eaglaisí agus Fathaigh

Fathach dárbh ainm Finn a thóg an eaglais adhmaid seo, más fíor an scéal… Sna meánaoiseanna, tógadh eaglaisí adhmaid ar fud thuaisceart na hEorpa. Faoi lár na 14ú haoise, bhí breis is 2000 eaglais adhmaid san Iorua. Maireann 28 acu sin go dtí an lá atá inniu ann. Tugtar stavkirke (Bokmål) nó stavkyrkje (Nynorsk) orthuAn chuid eile de “Eaglaisí agus Fathaigh”

17. Mai: Ceiliúradh agus Féasta

Gratulerer med dagen! (Beannachtaí na féile oraibh!) Tá féile mhór san Iorua inniu! Inniu Lá Comórtha Bhunreacht na hIorua, nó syttende Mai (17 Bealtaine) mar a thugtar air de gnáth. Ar an lá seo, déantar ceiliúradh ar an Iorua agus ar chultúr na hIorua. Ar ndóigh, ní bheidh cuid mhór de na gnáth-imeachtaí ar siúlAn chuid eile de “17. Mai: Ceiliúradh agus Féasta”

Leaca Cuimhneacháin

Nuair a shiúlaim síos go dtí an siopa áitiúil, siúlaim thar theach Benno (Bernt Elieser) Ramson. Tá tithe ar feadh na sráide agus ní chuirfinn suim ná iontas i gceann ar bith acu, ach ab é go bhfuil leac bheag phráis sa chosán taobh amuigh de cheann amháin acu. Is beag atá ar eolas agamAn chuid eile de “Leaca Cuimhneacháin”

Sa tóir ar chlocha…

Is sa chomharsanacht seo atá cineál neamhchoitianta cloiche, ach is beag a shíl mé gur ar leac an dorais a chasfaí uirthi. An tseachtain seo a chuaigh thart, tháinig mé ar sheantreoirleabhar de shiúlóidí geolaíochta in Osló. Bhí siúlóid amháin iontach cóngarach don áit a bhfuilimid inár gcónaí. Chuir mé spéis sa chuntas sin, céAn chuid eile de “Sa tóir ar chlocha…”

Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh