Vinmonopolet

Tá daoine ag casadh ar a chéile arís, ach más maith leat teacht le chéile a eagrú san Iorua, beidh ort eolas a chur rialacha an Vinmonopolet.

Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, tá sé 26 céim C, tá veain uachtar reoite le cluinstin sa chomharsanacht agus tá daoine ag cruinniú le chéile arís i ndiaidh na dianghlasála fada. Agus nuair a chruinníonn daoine le chéile san Iorua, bíonn siad ag ól…

Tá cóisirí tí coitianta i measc gach aoisghrúpa san Iorua. Seo laethanta fada an tsamhraidh, agus bíonn cóisirí beárbaiciú sna gairdíní agus grúpaí de chairde ag ól sna páirceanna. (Tá sé in éadan an dlí a bheith ag ól i bpáirceanna poiblí, ach ní ghnáth go gcuirtear an dlí i bhfeidhm mura bhfuil raic á tógáil.) Sular tháinig an phaindéim ar chor ar bith, bhí sé de nós ag muintir Osló bualadh le chéile taobh amuigh laethanta breátha gréine. Ag an deireadh seachtaine, bíonn daoine ag feitheamh go géar le cuireadh le dhul ar cuairt ar hytte (teach nó bothán saoire) le cairde nó lena gcuid daoine muinteartha. Tá ábhar scéil sa nós sin, agus beidh a thuilleadh faoi sin ar an bhlag amach anseo.

Tá deochanna meisciúla daor san Iorua agus ní bhíonn daoine ag triall ar an teach leanna chomh minic agus a bheadh in Éirinn. Má théitear amach, is minic a bhíonn cóisirí tí ann an oíche chéanna. Tugtar ‘vorspiel’ ar réamhchóisirí. Is focal Gearmánach é vorspiel, ach ní hionann an chiall atá leis sa Ghearmáin agus san Iorua! Nachspiel a bhíonn ann i ndiaidh a bheith amuigh. Is ar an dóigh chéanna a bhíonn mic léinn ollscoile in Éirinn, ach tá an chuma air go bhfuil an nós i bhfad níos forleithne anseo.

Ar ndóigh, is den mhúineadh é buideál a thabhairt leat chun dinnéara nó chun cóisire. Tá trí chatagóir de dheochanna meisciúla san Iorua agus baineann rialacha ar leith le gach ceann acu:

  • Lettøl (beoir éadrom / iarleann): beoir a bhfuil níos lú ná 2.75% d’alcól inti de réir tóirte. Tá lettøl ar fáil in ollmhargaí le linn gnáthuaireanta oscailte.
  • Beoir agus deochanna eile a bhfuil níos lú ná 4.75% d’alcól iontu de réir tóirte. Tá siad seo ar fáil in ollmhargaí roimh 20.00 le linn na seachtaine nó roimh 18.00 ar an Satharn.
  • Gach cineál ólacháin a bhfuil níos mó ná 4.75% d’alcól ann de réir tóirte, e.g. fíon, biotáilte agus beoir láidir. Níl siad seo ar fáil ach sa Vinmonopolet.

Ciallaíonn Vinmonopolet ‘an mhonaplacht fíona’ agus is comhlacht stáit é. Bíonn siopa de chuid an Vinmonopolet i gcuid mhór bailte ar fud na hIorua. Ach ní bhíonn ceann i ngach baile agus ní miste fiosrúchán a dhéanamh roimh ré. Tá na huaireanta oscailte iontach teoranta: 10.00 – 18.00 le linn na seachtaine agus 10.00 – 16.00 ar an Satharn. Ní osclaíonn siad Domhnach nó lá saoire agus druideann siad luath an lá roimh lá saoire. Bíonn brú mór sna siopa Dé Sathairn agus roimh laethanta saoire. Díoltar fíon agus beoir le duine ar bith atá os cionn 18 mbliana d’aois, ach ní dhíoltar biotáilte ach le daoine atá os cionn 20 bliain d’aois.

Cuireadh an Vinmonopolet ar bun sa bhliain 1922. Bhí cosc ar alcól láidir san Iorua ar feadh tréimhse roimhe sin agus comhréiteach a bhí sa Vinmonopolet. De réir pobalbhreitheanna, tá formhór de phobal na hIorua sásta leis an chóras faoi mar atá anois. Is ceannaitheoir mór é an Vinmonopolet agus is féidir leis cineálacha neamhghnátha fíona agus fíon ar ardchaighdeán a fháil ar luach réasúnta agus cuireann dornán daoine suim mhór i gcúrsaí fíona dá bharr.

Mar sin féin, bíonn tóir ar mhargadh maith. Tá siopaí móra roimh an halla chustam san aerfort in Osló agus tá fógraí in airde a mhíníonn ‘an cuóta’ – an méid ólacháin (agus tobac) is féidir a thabhairt isteach sa tír saor ó dhleacht. Bíonn an cuóta de ghlanmheabhair ag daoine áirithe agus is peaca marfach é gan an cuóta iomlán a cheannach, dar leo! Bíonn daoine ag triall ar shiopaí sa tSualainn agus sa Danmhairg nuair a bhíonn ócáidí móra á n-eagrú acu. Tá iomrá (agus drochiomrá!) ar bhád na Danmhairge. Tá deireadh leis na turais thar teorainn sin de bharr na paindéime, ach beidh neart cóisirí san Iorua nuair a bheas cead taistil ann arís.

Agus ar deireadh, má bhítear ag iarraidh cuideachta a sheachaint, nó imeacht go pointeáilte i ndiaidh lá oibre, is é an leithscéal is fearr é (agus mé féin a chuala), ‘Caithfidh mé imeacht: caithfidh mé dhul chuig an Vinmonopolet sula ndruideann sé!’

Freagra

Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh