An bealach go dtí an Geirangerfjord

Ar deireadh thiar thall chuaigh muid a fhad le ceann de na fiordanna is cáiliúla san Iorua agus ba é an t-amharc súl é.

An Geirangerfjord

Tá an Geirangerfjord tuairim is 6 huaire an chloig siar ó thuaidh ó Osló ar chósta thiar na hIorua más ag tiomáint atá tú, ach mar go bhfuil an Iorua chomh fada caol, is i leath theas na tíre atá sé mar sin féin. Téann bóthar 63 trí bhaile Geiranger ag béal an fhiord. Tá mám sléibhe ag dhá cheann an bhealaigh agus tá an bóthar seo aitheanta mar shlí thurasóireachta as a áilleacht. Sa tsamhradh is féidir cuairt timpeall a dhéanamh, agus is sin an rud a rinne muid.

Ghabh muid bóthar E6 as Osló tráthnóna Dé hAoine agus chaith muid an oíche ag campáil ar imeall Pháirc Náisiúnta Rondane. Beidh postáil eile agam amach anseo i dtaca le bheith ag campáil san Iorua.

Meánoíche i bPáirc Náisiúnta Rondane ag deireadh mhí an Mheithimh

Ar an Satharn, chuaigh muid ó Otta go Langvatnet (An Loch Fada). Is ag Langvatnet a thosaíonn Slí Thurasóireachta Geiranger-Trollstigen ar bhóthar 63. Tá bearnas ard ag gabháil idir na sléibhte anseo. Seo áit nach leánn an sneachta i lár an tsamhraidh agus tá cuma osnádúrtha Artach ar an tírdhreach. Tá ceantar Reinheimen ar an taobh ó thuaidh den mhám. Ciallaíonn Reinheimen ‘Dúiche an Réinfhia’, ach ní fhaca muid réinfhia, monuar.

Tá bealach crochta síos ón mhám go baile Geiranger ag béal an fhiord. Druidtear an bealach ó Langvatnet go Geiranger ar feadh leath na bliana ó mhí Dheireadh Fómhair nó ó mhí na Samhna go dtí mí na Bealtaine. Is ar longa crúsála agus ar an bhád farantóireachta a thagann turasóirí isteach go Geiranger de ghnáth.

Baile Geiranger
Tá an bealach go Langvatnet ar chúl an bhaile.

Tá an Geirangerfjord ar Liosta Oidhreachta Domhanda de chuid UNESCO mar go bhfuil sé ar cheann de na fiordanna is iontaí agus is áille san Iorua: tá na sléibhte thart ar an fhiord tuairim is 1700 m ar airde agus tá an fiord féin 260 m ar doimhneacht. Níl ach dhá fhiord san Iorua ar an liosta sin. Ach is gabhal den Storfjorden (An Fiord Mór) é an Geirangerfjord agus tá gabhal eile den fhiord sin le feiceáil i mbaile beag darb ainm Eidsdal leathuair ar shiúl ó Geiranger. Ní thagann na turasóirí go Eidsdal agus tá meath ar an bhaile ach mura mbeadh an Geirangerfjord dár ndalladh, ní bhfaighfí locht ar bith ar an radharc.

Radharc ar Sylte ó Eidsdal

Ar an Domhnach, chuaigh muid ó Eidsdal go Sylte ar bhád farantóireachta. Níl droichead trasna an fhiord, ach téann dhá bhád farantóireachta anonn is anall gach 20 bomaite de ghnáth. Is trua é nach raibh lá sa bhreis againn le caitheamh idir Geiranger agus Eidsdal mar go bhfuil cosán siúil ag dul suas ó Eidsvatnet go barr na mbeann agus bheadh radharc as sin ar an Geirangerfjord agus ar an Storfjorden.

Leanann bóthar 63 ar aghaidh ar an taobh thall den Storfjorden go dtéann sé trí bhearnas eile sléibhe. Druidtear an chuid seo den bhealach sa gheimhreadh fosta, ach is é atá galánta. Tá go leor cosán siúil isteach sna sléibhte ag barr an mháma agus b’fhiú lá iomlán a chaitheamh ann. Tugtar Trollstigen (Bealach na dTroll) ar an bhealach lúbach a théann síos go bun an ghleanna. Tá cáil ar an Trollstigen agus tá ionad cuairteora agus ardán amhairc ag barr an bhealaigh.

Trollstigen

Ag bun an ghleanna ar fad, tá radharc ar aill chreagach sléibhe ar a dtugtar Trollveggen (Balla na dTroll). B’fhurasta a shamhlú gur fathach ollmhór osnádúrtha a thóg é.

Trollveggen

Phill muid ar Osló go mall oíche Dhomhnaigh. Turas deireadh seachtaine a rinne muid, ach dá mbeadh faill agat, b’fhearr i bhfad cúig lá a chur i leataobh, nó seachtain iomlán, mar go bhfuil an iomad radharc iontach ar an bhealach!

Seo achoimre ar an turas iomlán.
E6 ó Osló go Otta, bóthar 15 ó Otta go Langvatnet, bóthar 63 ó Langvatnet go dtí an deireadh taobh amuigh de Åndalsnes, E136 go Dombås, agus ar ais ar an E6 go Osló.
Iomlán: 961 km.

Slán go fóill!

Freagra

Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh