Leaca Cuimhneacháin

Nuair a shiúlaim síos go dtí an siopa áitiúil, siúlaim thar theach Benno (Bernt Elieser) Ramson. Tá tithe ar feadh na sráide agus ní chuirfinn suim ná iontas i gceann ar bith acu, ach ab é go bhfuil leac bheag phráis sa chosán taobh amuigh de cheann amháin acu.

Is beag atá ar eolas agam faoi Benno Ramson féin. Rugadh sa bhliain 1896 in Christiania (Osló) é. Bhí sé ag tarraingt ar shé bliana agus dhá scór nuair a fuadaíodh as a theach é ar 26 Deireadh Fómhair 1942, dhá lá roimh a bhreithlá. Agus fuair sé bás in Auschwitz i mí Eanáir 1943.

Bhí an Iorua faoi réimeas na Naitsithe ó 1940 go dtí 1945. I mí Dheireadh Fómhair 1942 gabhadh an chuid is mó de na fir Ghiúdacha san Iorua a bhí os cionn 15 bliana d’aois. Bhí Benno Ramson ina measc. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur gabhadh mná agus páistí fosta. Cuireadh 795 Giúdach ar fad as an Iorua go dtí sluachampaí géibhinn agus maraíodh a bhformhór mór acu in Auschwitz. Níor mhair ach 25 duine as an 795 sin.

Ealaíontóir as an Ghéarmáin darbh ainm Gunter Demnig a cheap na leaca cuimhneacháin práis agus tá siad in 24 tír san Eoraip anois. Leagadh an chéad leac san Iorua sa bhliain 2010 i gcomhar le Músaem na nGiúdach in Osló. Tá 395 leac phráis in Osló féin agus 670 leac san Iorua ar fad go dtí seo i gcuimhne ar na Giúdaigh agus ar na daoine eile a cuireadh as an Iorua go sluachampaí géibhinn de chuid na Naitsithe.

Ainm amháin a bhíonn ar gach leac. Níl ach leac amháin taobh amuigh de theach Benno Ramson. D’éirigh lena bhean Rexie agus lena bheirt iníonacha Else agus Sonja-Maiken éalú go dtí an tSualainn. Ocht mbliana d’aois agus sé bhliana d’aois a bhí a bheirt iníonacha nuair a tugadh a n-athair ar shiúl. Seo leac chuimhneacháin Benno Ramson.

Nasc
Leaca cuimhneacháin san Iorua: https://www.snublestein.no/hjem

Freagra

Design a site like this with WordPress.com
Tosaigh