Tá an t-earrach linn, murab é go bhfuil an aimsir bhreá dár gcealgadh, agus cá háit a rachfaí lá galánta gréine ach síos cois cósta?
Is mór an t-athrú a tháinig ar an aimsir le seachtain. Dé Luain seo a chuaigh thart, bhí sé ag plúchadh sneachta. Faoi dheireadh na seachtaine, bhí na spéaclaí gréine orainn agus muid bruite ag an teas (16 chéim C). Mar sin thug muid ár n-aghaidh ar an chósta ba chóngaraí dúinn, is é sin, an Oslofjord uachtarach.
Idir an Oslofjord íochtarach agus an Oslofjord uachtarach atá caolas Drøbak. Is é an áit is cúinge san Oslofjord é (1.5 km ó bhruach go bruach). Tá dornán oileán i mbéal an chaolais agus tá an fharraige ina clár san Oslofjord uachtarach. Sa gheimhreadh, bíonn oighear ar bharr an uisce in áiteanna agus tá an t-uisce iontach fuar go fóill, cé nach bhfuil an chuma sin air.
Tógadh Oscarsborg Festning (daingean Oscarsborg) ar oileán beag i lár chaolas Drøbak i ndeireadh an 19ú haois agus is ann a tharla ceann de na heachtraí móra i stair na hIorua. Is tríd an chaolas ar bord loinge a tháinig fórsaí na Naitsithe ar 9 Aibreán 1940. D’éirigh leis na gunnaí móra ar Oscarsborg Festning an long ceannais Blücher a chur go tóin poill agus cuireadh moill ar an ionradh. Gabhadh an Iorua sa deireadh, ach thug an eachtra sin deis do pharlaimint agus do theaghlach ríoga na hIorua éalú as Osló agus leanúint ar aghaidh ag cur i gcoinne na Naisithe ar feadh an chogaidh.
Bhí Oscarsborg Festning ina láthair mhíleata go dtí an bhliain 2002, ach is áit turasóireachta anois é.
Tá go leor bádaí pléisiúir san Oslofjord agus bíonn go leor daoine ina suí amuigh ar bhinsí thart ar na cuanta i mbailte beaga, ach is beag duine a bhíonn ag siúl ar na cladaí. Ní tránna móra gainimh iad, ach cladaí loma carraigeacha. Tá an ithir tanaí go leor in áiteanna sa cheantar mórthimpeall agus is minic a nochtann an bhuncharraig ar chiumhais an chladaigh.
Sna bailte beaga cuain thart ar an Oslofjord, bíonn tithe buailte ar imeall na mara agus gan iad ach méadar nó dhó os cionn an tsáile le lag trá. Ní baol dóibh, is cosúil. Ar an mheán, ní éiríonn an lán mara ach 28 cm ó íochtar láin go huachtar láin. De réir an eolais a chuireann Comhlacht Chalafort Átha Cliath ar fáil, éiríonn an lán mara 2.65 m ar an mheán i mBaile Átha Cliath. Nach mór an difear é sin!
Glacadh an grianghraf thíos le lag trá. Tá lorg dubh ar na carraigeacha a léiríonn barr láin.
Slán go fóill!
Naisc
Eolas ar Oscarsborg Festning: https://www.forsvarsbygg.no/no/festningene/finn-din-festning/oscarsborg-festning/
Eolas ar thaoidí timpeall na hIorua: https://www.kartverket.no/en/at-sea/se-havniva/tides-and-water-level/tide-tables